zeno
Create a Station
Explore
Religious
Music
News
Podcasts
Bible
By Genre
By Location
By Language
Download App
Toggle Sidebar
zeno
RTÉ Raidió na Gaeltachta
Barrscéalta
News
Irish
Clár iris an Tuaiscirt. Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar an chlár, comh maith le scéalta as na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.
Website
Episodes
100
03 June 2026
Hugh Mac Giolla Chearra craoltóir le 2FM.
Cuirfear tús le sraith úr ‘Croí na Féile’ ar TG4 san oíche amárach áit a dtéann an craoltóir le 2FM, Hugh Mac Giolla Chearra as Rann na Feirste ar chamchuairt ar fud na tíre agus é ag obair mar oibrí deonach ag feilte éagsúla, agus bhí Hugh linn ar maidin le súil chun cinn a chaitheamh ar an tsraith.
16 min
03 June 2026
Cartlann na Céadaoine.
Inniu ar Chartlann na Chéadaoine téann muid siar go tús mí Mheitheamh 1986 nuair a d’éirigh sagart as An Chlochán Laith as a ról mar Shagart Paróiste don Lucht Siúil i mBaile Átha Cliath.
7 min
03 June 2026
Damien Ó Dónaill.
Cuirfear tús úr le sraith úr cainte, ‘Cuimhní Cinn’ tráthnóna inniu anseo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta le Damien Ó Dónaill mar chuid de sceideal an tsamhraidh agus labhair Damien linn faoin chlár úr.
8 min
03 June 2026
Barrscéalta, clár iomlán, 03/06/2026.
Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga ag Michelle Nic Grianna agus a léiriú Conor Ó Gallachóir.
58 min
03 June 2026
Frances Nic Géadaigh ó sheomra na nuachta.
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.
5 min
03 June 2026
An Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh.
Beidh cruinniú poiblí ag na Teachtaí Dála, Piaras Ó Dochartaigh agus Pádraig Mac Lochlainn in Óstán an Radisson anocht le plé a dhéanamh ar an ghéarchéim a bhaineann leis an chostas maireachtála san am i láthair. Bhí Piaras Ó Dochartaigh linn ar maidin le plé a dhéanamh ar an chruinniú.
8 min
02 June 2026
Frances Nic Géadaigh ó sheomra na nuachta.
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.
4 min
02 June 2026
Maggie Owenie Nic Pháidín.
Chruinnigh scaifte mór le chéile ar oileán Inis Bó Finne inné le breithlá Maggie Owenie Nic Pháidín a cheiliúradh. Bhí Maggie ag ceiliúradh 100 bliain d’aois agus an tseachtain s’chuaigh thart thug Michelle cuairt uirthi le labhairt léi faoin bhreithlá mór agus faoina saol.
27 min
02 June 2026
Garda Thomas Joseph Mac Giolla Bhríde ó Stáisiún Gardaí an Bhun Bhig.
Mír rialta le ball den Gharda Síochána.
6 min
02 June 2026
Seán P Ó Fearraigh múinteoir gairmthreorach i nGairmscoil Chú Uladh i mBéal an Átha Mhóir.
Cuirfear tús le scrúduithe na hArdteiste agus na Sraithe Sóisearaí amárach, Dé Céadaoine an 3ú lá de Mheitheamh. Tá Seán P. Ó Fearraigh linn le rud beag comhairle agus treoir a thabhairt do dhaltaí maidir leis na scrúduithe.
6 min